Tugtar (nó thugtaí) an t-ainm ar roinnt grúpaí paraimíleata in Éirinn atá ag iarraidh aon stát amháin a bhunú ar oileán na hÉireann nach mbeadh aon bhaint aige leis an Ríocht Aontaithe. Is é an t-ainm is fearr leis na grúpaí seo a úsáid as Gaeilge ná Óglaigh na hÉireann. Sin é an t-ainm oifigiúil atá ar fhórsaí cosanta seasta Phoblacht na hÉireann freisin, áfach (féach ar Óglaigh na hÉireann le tuilleadh a fháil amach faoin gconspóid seo). Tá gach ceann de na grúpaí sin ag maíomh ginealais ar an gcéad IRA, airm na poblachta Éireannaí a d'fhógraigh Dáil Éireann sa bhliain 1919. An chuid is mó de mhuintir na hÉireann, áfach, ní ghlacann siad leis go bhfuil na grúpaí nua i dteideal ainm an tSean-IRA a úsáid.

An tIRA Sealadach - bunaíodh sa bhliain 1969 é. Tá clú ar an ngrúpa mar gheall ar na hionsaithe paraimíleata ó na 1970í anuas go dtí na 1980í. Leis an ngrúpa is mó a shamhlaítear an téarma ‘IRA’ inniu, ós é an tIRA is mó sa lá atá inniu ann.
An tIRA Oifigiúil - an chuid eile den IRA, an chuid a fágadh nuair a scoilt an tIRA Sealadach ón ngrúpa bunúsach sa bhliain 1969. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.
An tIRA Leanúnach - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1980í, mar gheall ar shocruithe polaitiúla Shinn Féin.
An Fíor-IRA - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1990í nuair a staon an grúpa sin ón bhforéigean.